Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an sgéal sa bhaile agus diarr an chailleach air súl a chongbhailt amuigh agus an chead teach a léighfeadh an sneachta de gur sin an teach a rabhthar ag bruith na feóla ann. Choimhead Murcadha mór agus ba teach Mhurcaidhe bhig an chead teach ar imthigh an sneachta de. Thainic sé isteach agus dinnis sé an sgéal do’n chailligh.
“Anois” arsa an chailleach, “deanfaidh muid cinnte de sin. Cuirigidh mise isteach san chomhrainn sin. Abair thusa le do dhearbhrathair go bhfuil daoine teacht fa’n teach agus iarr cead an chomhra fhágail thoir cupla oidhche”. Rinne Murcadha mór seo. D’iarr sé an cead agus fuair sé é. Cuireadh an chailleach isteach san chomhrainn agus lón léithe, cuireadh an glas ar an chomhrainn agus fágadh thoir teach Mhurcaidhe bhig é. An oidhche sin cuireadh síos pota de’n fheóil ‘choinne ‘n tsuipeara teach Mhurchaidhe bhig. Nuair a bhí an fheoil bruidhte shuidhe siad thart agus thosaigh siad ag ithte.
“Dar a leabhra” arsa Murchadha beag is beag a shíleann Murchadha mór go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Mac Meanamain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall