Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé fhein is Murchadha síos na tábla ghan mhoill agus dith siad béile tur. Nuair a bhí an béile ithte aca dfiafruigh an fear siubhail ar le na dhearbhrathair na bearraigh ramhra a bhí taobh thiar de chlaidhe na teoranna ar an chnoc.
“Iseadh go dearrbhtha” arsa Murchadha beag “Ní shuidheann mo dhearbhrathair-se síos ag béile tur i naon am”.
“Bhal” ars an fear siubhail, “bog leat liomsa. Níl ac amaidigh duitse béith cor ac a’n oiread”.
Thug an fear-siubhail leis sgian agus amach ar an doras leis. Lean Murchadha beag é. Suas an cnoc leis an bheirt aca. Tharraing siad ar na bearraigh ramhra. Mharbh an fear-siubhail ceann aca agus d’iomchur sé fhein agus Murcadha beag abhaile í. D’fhean siad an bearrach, ghearr suas í agus roimhe ‘bhfad bhí pota feóla ar theine Mhurchaidhe bhig.
Lá thar na bharach chunntais Murchadha mór na bearraigh mar ba ghnáth agus shonnruigh sé go rabh siad ceann gann. Nuair a thainic sé abhaile dinnis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Mac Meanamain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall