School: Boltifree (roll number 9764)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 116
- XML “An tÉan Solais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buachaill mar d’iarradh air.
“Anois”, ars an gearran, “cuir an srian agus an dialaid sin ormsa agus léim ar mo dhrom agus fágfaidh mise ag teach righ na hÉireann thú”. Rinne an buachaill seo agus níor stad an sean ghearran bán go rabh sé ag caislean righ na hÉireann. D’fhan siad annsin an oidhche sin. Ar maidin la thar na bharach deir an gearran,
“Tá obair dheachair romhot anois sula bhfuighidh tú an téan soluis atá i gcása óir san domhan thoir. Imtheochaidh muid indiu agus fágfaidh mise agam teach thú ina bhfuil sé. Ach na bog anocht” ars an gearran “nó ma bhogann tá an teach lán cluig agus tosochaidh siad a’ bualadh agus beirfear ortsa annsin. Ach cuir i gcás go ndeanfaidh tú an fhail” ars an seisean, “agus go mbeidh fear a’ dul d’ do chrochadh iarr athcuinge an téan soluis ina chása óir a iomchur trí huaire thart fa áit do chrochta”, leis na focail sin dfhág an gearran é. Fuair an buachaill ósta mhaith an oidhche sin. I lár na hoidhche bhuail an mí-fhoigidh é agus dar leis fhéin(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Chuinn
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall