Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Imeachtaí Shéimí Uí Fhrighil agus an Slua Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh fhios ag Séimí caidé le déanamh agus nuair a d'éirigh sé dorcha an oidhche sin chuaidh sé go dtí an áit a rabh na h-uaisle an oidhche roimh ré. Casadh duine aca dó agus d'innis an fear sin dó go raibh stáca d'fhéar ghlas faoi'na teanga agus nuair a bheadh sé 'na codladh an oidhche sin iarraidh a thabhairt an stáca ghlas a bhaint amach. Rinne Séimí seo agus fuair sí an cainnt arís.
    Nuair a tháinig sise chuice fhéin i gceart sgríobh sí suas go Baile Átha Cliath chuig a hathair agus bhí lúthgháin mór airsean agus thug sé cuirfeadh di féin agus do Shéimi a dhul go Baile Átha Cliath lá ar na bhárach. D'imthigh siad maidin lá ar na bhárach agus d'fhág Séimí slán agus beannacht ag Druim-na-Greige le n-a shaoghal. Nuair a shroic siad teach an Maoir i mBaile Átha Cliath bhí fáilte mhór róimpa agus sé'a deireadh a bhí ar a sgéal gur pósadh é féin agus ise agus d'fhág an t-athair iomlán a chuid airgid ag Séimí ar eagla go n-éiréochadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir. (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulaigh na Dála, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Frighil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    18
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Reannacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall