Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 525

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 525

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 525
  3. XML “Lucht Siúil a Bhíodh ann sular Rugadh mise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ag dhul thart am amháín darbh ainm do "Jimmy Duffy" nó "Jimmy an Laddie" a bhí mar leas-ainm air. Bhí sé ag chur i gcéill do na daoine go rabh sé an-chneasta; bhíodh sé ag taisbeanadh na h-aingle ar an Chonair Mhuire agus bhíodh sé ag leigint air fhéin go bhfacaidh sé iad ag urnaighthe agus ag guidhe.
    Oidhche amháin bhí sé ag fanacht i dtoigh Franncie Bháin. Bhí cuid mhór buachaillí óga istoigh. Thoisigh "Jimmy" ag taisbeanadh na h-aingle do buachaill darbh ainm do Peadar Mór. Bhíodh Peadar i gcomhnuidhe ag piocaidh air "Jimmy" agus dubhairt sé le diabhluigheacht air, nach bhfacaidh sé na h-aingle ar chor ar bith nó nach rabh a léitheadh ann ar chor ar bith. "Glóire Dé agus na h-aingle," arsa "Jimmy" chá dtarraimhm arais 'un toighe seo níos mó, ní'l creideamh ar bith agaibh agus chá chreideann sibh i nDia nó i Muire." Níor léigh aon duine ortha fhéin gur cualaidh siad dadadh dar dhubhairt "Jimmy." Chuaidh sé a luighe. Comh luath agus fosgluigheadh an doras ar maidín an lá thar na bhárach dimthigh "Jimmy" agus níor phill sé arais ar theach Franncie Báin níos mó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tréasa Ní Fhrighil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamús Ó Fríghil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall