Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 516

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 516

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 516
  3. XML “Lucht Siúil a Bhíodh ann sular Rugadh mise - A nGnásanna agus A mBéasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo cuid de na daoine bochta a bhíodh ann sul ar rugadh mé. Micheál Chordáín, Paidi Wan Tune Peter Lemon, John Love, Jimmie the Laddie.
    Sé Micheál Chordáín an duine is mo a bhfuil iomradh air dobhta seo. Bhí sé iongantach cliste. Thiocfadh leis dán a dheanamh fa dtaobh duit comh tapaidh is amharcadh sé ort. Da dtabhradh sé fa dear go rabh dimeas agat air thoisigheadh sé ar sgéal agus sileadh nach ort féin a bhí an sgéal ar choir ar bith agus nuair a bhí an sgéal innste aige bhí sé fa dtaobh duit fhéin. Seo reamas a rinne sé fa bhailte.
    Baile Taobh Rusaidh na Spag
    Seisiadh na nGág
    Sean-Bhaile na mbuideal bhriste
    Cailindáir easta thart ar chipin
    Tonn-Bháin na spáin
    Caiseal na gCibín
    Gort-na-Trágha na mionnaí móra
    Dumhach-Mór na ngabhar

    Fear a bhí i bPeter Lemon air a rachadh thart dhíol oraistí agus ghlacadh sé deirce fosta. Bhíodh na h-oraistí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréadh Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Fríghil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall