Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 461

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 461

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 461
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo an t-am a bhí na sagairt ruchailte ag cuid saighdiúirí Chromail, aimsir an Persection. Chá dtiocfadh leobhtha an t-Aifreann a léigheamh ins an t-Seipeál nó muirthí iad, agus bhí aca an t-Aifreann a léigheamh i n-áit uaigneach, amuigh faoi'n spéir.
    Bhí sagart Domhnach amháín a léigheamh Aifreann i gcúl Chnoc-Baile-Thaobh-Rúsgaidh. Tháinig trí saighdiúirí isteach i gcap ortha dárbh ainm, Séon Delap, Séon Cuinnighham, agus Séon Sproule. Marbh an trí Séon an sagart agus an méadh a bhí i láthair ag an Aifreann ach bean amháin. Luigh sí idir beirt a bhí marbh gur cuaduigheadh í le fuil. Shíl siad go rabh sí marbh fosta.
    Theich fear amháin nuair a bhí siad uilig marbh dárbh ainm do Séan Ó Siadhail agus léan na saigdiúirí é casán na fairrge agus bheireadh air istoigh i sgeilpe sa bhinn. Bhí an sgeilpe fairsinge ar íochtar agus chuan ar uachtar agus chuir fear de'n na saighdiúirí a ghunna treasna ar mhullach na sgeilpe. Chuir siad rópa ar an ghunna agus chroch siad an fear thíos ins an sgeilpe. Baisteadh "Sgoilt an Duine," ar an áit. Tá a gcuid cnámha le fághail san gainimh agus a gcuid Chóróineach Mhuire agus na cnaipe a bhí air a gcuid éaduigh le fághail ó'n lá sin go dtí an lá atá ann indiú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhorráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Feicheallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Dhún na nGall