Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 459

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 459

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 459
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sagart a bhí ar a sheachnadh fadó i gcnuic Innis Eoin. Tháinig an tóir na dhiaidh, acht rinneadh tapad air agus tugadh i mbád na farranta é gur fághadh istoigh faoi Phort Salan é. Ghlac sé na chnuic an ios fad le Cruachan, chuaidh sé isteach i dteach annsin agus d'iarr sé árus. Bhí sé claoidhte sáruighte, ach chá dtabharadh muinntir an toighthe árus ar bith dó, agus tá sé ráidhte nár b'fearrdhe dó'n áit é. Shiubhail sé leis annsin fhad le Baile na nGabhna, chuaidh sé isteach i dteach Ghallta annsin agus tugadh árus dó. An t-ainm a bhí air an teach sin, teach an Chambeiligh. Ar maidín lá thar na bhárach chuaidh an Cambealach le na bhád agus d'fhág sé an sagart iostoigh thall i gCriamhart i bpároiste Chill Mhic nEanáin.

    Baisteadh "lag na h-Altóra" ar áit, mar lag atá ann ar léigheadh an t-Aifreann fadó.
    Dubhradh an t-Aifreann amuigh i n-áiteanna airithe i n-aimsir na Géirleanamhna. I lag na h-Altóra i nGort-na-Trágha áit amháín a dubhradh an t-Aifreann fadó. Níl pluaiseanna ar bith ann ina léigheadh na sagairt an t-Aifreann fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tréasa Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Anna Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall