Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá soillse gréine as lár droch aimsire deirtear gur peata a bhíonn sa lá sin.
    Lá deas agus an ghréin ag soillse agus sreangan ag tuiteam ón spéir comhartha fearthanna.
    Nuair a bhíónn fáinne fa'n ghealaigh deas dithe, stoirm i bhfad uait, agus nuair a bhíonn fáinne i bhfad uaithe stoirm deas duit.
    Nuair a thuiteas realtóg cibé ar bith easán téigh sí béidh an ghaoth an casan sin roimhe ceithre uair fichead.
    Nuair a bhíonn an naosgan ag gabhail thart ag sgreadadh bíonn sé fá choinne siocan.
    Nuair a bhíonn sé fa choinne droch aimsire bíonn an madadh tinn agus agus ag ithe féir.
    Nuair a bhíonn teas mór sa teineadh droch aimsear.
    Nuair a bhíonn sioc ann agus é gabhail a easairt cluinfeadh tú clog an bhaile mór seacht míle ar shiubhal.
    Nuair a bhíonn na mioltógaí ag dul thart tráthnóna bíonn droch [aimsear?] ag teacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraig O Fríghil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall