Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 409
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh dhá dhearbhráthair go h-Alban bliadhain amháín ag cuartughadh oibre. Pádraig agus Mícheal na h-ainmneacha a bhí ortha. Bhí Pádraig i bhfad níos cliste ná Mícheal, agus lá amháín dubhairt Mícheal go rabh sé ag 'ul suas an tsráíd go 'ganger' a bhí ann le feiceáil an dtiocfadh leis obair a fhághail. Chuaidh, agus dubhairt an ganger go dtabhairfeadh dá mbéadh séabulta trí thomhaiseannaí a fhreagair i gceart, agus d'iarr sé air a theacht an lá na dhiaidh sin. Chuaidh Pádraig in áit Mhíchil nó bhí sé níos cliste ná Mhíchil.
    Seo na tomhaiseannaí a chuir an ganger ar.
    Mhíchil
    1) Cé'n meadhthan atá ins an gealach?
    Ceithre ceathramha

    2) Cas is fiú mise?
    Nior bhfiú Ar Slánuightheóra ach 30 píosaí airgid, agus tá mé cinnte gur bhfiú i bhfad níos lugha násin thusa.

    3) Caidé a t-áimse agsmaoitiughadh ar ar an bhomaite seo?
    Tá tú ag smaoituighadh go bhfuil tú ag cainnt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Caithlín Ní Shiadhail
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Shoibhleain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cionn Droma, Co. Dhún na nGall