Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 398

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 398

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 398
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh Maghnus 'un an aonaigh lá amháin a dhíol bó. Dhíol sé an bhó ar shé phunnta. Chuaidh sé isteach go teach (?) an oil agus thoisigh sé ag ól agus chár mhothuigh sé an lá a dhul thart, mar bhí sé le cuideachta. Nuair a tháinig an tráthnóna chá rabh leath-phighinn ag Mhaghnus le theacht 'na bhaile. Shiubhail sé leis go dtánig sé go dtí an cuibhrinn glás. Bhí léir fear istoigh ann. Bhí cuid aca ar chaiple beaga. Bhí siad ag céol agus ag puirteacht. Shíl Maghnus go rabh sé an-dheas agus thoisigh sé ag eisteacht leo. Tháínig cupla duine anall agu tharraing siad cupla bochlanbuidhe agus rinne siad caiple díobhtha. Nuair a chonnaic Maghnus seo d'iarr sé capall ortha. Chár mhothuig Maghnus go rabh sé ar dhruim capaill. Shiubhail siad leo fríd bailte beaga agus bailte móra. Chá rabh fhios ag Maghnus a'an áit a rabh sé. D'fiafruigh sé de na sidheoganaí c'ainm a bhí ar an bhaile mhór seo a rabh siad ann. Dubhairt na sidheoganaí gur báile mhór de cuid na na Spáinne a bhí ann. Nach mór an truagh é nach bhfuil leath-phighinn agam, chualaidh m'áthair ag rádh gur mhaith leis culaidh éadaigh a fhághail as an Spáinn. Thug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Nic Ghiolla Cheara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tIomaire Cam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Mhic Ghiolla Cheara
    Inscne
    Baineann
    Aois
    49
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tIomaire Cam, Co. Dhún na nGall