Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 396
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall fada bliadhtaí ó shoin d'imtigh trí buachall a ghol i bhfhad ó shoibhail as baile. D'ól siad leo go rabh sé antra (?) san oidhche. Nuair a smaointigh siad ar theacht na bhaile thoisigh duine aca ag chur i gcéill go rabh sé ólta. B'fhuar bhocht leí (?) an bheirt eile é a fhághail na ndiaidh. Dubhairt duine aca leis an duine gur bhfhearr dobhtha é an iomchur. Bhí an buachaill a bhí ólta ag eisteacht le seo agus thaiteann sé ar dóigh leis. Chá rabh caill ar bith air de thairbhe an óil acht neart rogharachta.
Chuir duine aca ar a dhruim é agus d'iomchur siad mar sin é go rabh siad leath-bhealaigh. Bhí siad marbh sáruighthe leis agus bhí siad ag smaointeadh é a fhághailt na ndiaidh. Smaoitigh siad go mbféidir go dtiocfadh taisme air agus go mbéithfhidhe ag eagcaoin ortha. Bhí an buachaill ag leigint air fhéin go rabh sé maoil marbh. Tógh siad suas é agus thoisigh a iomchar arais. Bhí na buachaillí marbh sáruighthe a d'iomchar agus nuair a bhi sé fá ghiota dá theach fhein rinne sé seacht gairrdihe agus d'iarr sé ortha é an leigint síos go siubhailfeadh sé fhéin na bhaile anois. D'imtigh na buachaillí agus iad ag mallachtaí ar an fhear mar na rabh an fear acht ag leigint air fhéín go rabh sé ólta.- Bailitheoir
- Tréasa Ní Fríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Fríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall