Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 389
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chomhnuidhe i mBaile Taobh Rusgaí am amháin agus ní rabh aige acht a bhean agus gasúr beag amháín. Bhí siad bocht. Chuaidh an fhear go h-Alban le na chodach a shaothradh. Chuireadh sé traifeal airgid na bhaile corr-uair chuig a bhean le iad a congbailt ag dul. Bhíodh sise ag acur cuid dé i bhfolac go mbéadh cuid mhaith cruinn aicí.Fá dhéireadh smaoitigh an fhear go dtabhaireadh sé ruaig na bhaile go bfeicid sé caidé mar bhí uilig. Seachtmain indiaidh é theacht na bhaile bhí an triúr aca na suide thart fá'n teinid ag cómhradh. D'fiafruig an bhean do na fear rabh dath airgid leis. Dubhairt séisean, gur chuir sé an méid a cosain sé na bhaile chuicí-shé.
"Seadh, " arsa sise, "silim go bhfuil diocan beag fághtha agam nar chaith muid." le sin tarraing sí amach sean stóca as faoi'n leabaidh agus caidé do bharamal a bhí ann acht sgór punta. Rinne siad suas eadtorra fhéin annsin go gceannóchfad siad rud eigin leis an airgead.
"Ceannochaidh muid bó, arsa sise. "Chá ceanneocain," arsa seisean, "acht ceannochaidh muid capall agus béidh sin níos fearr na bó.
"Seadh a Dhia," arsán gasúr, "agus tig liomsa marcuigeacht ar dhruim an t-searraig." "Droch bhlait ort a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Ní Earcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tonn Bhán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamonn O Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cionn Droma, Co. Dhún na nGall