Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 349
- XML “Na Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann gach teaglach san áit seo préatai. Sé m'athair a chuireann na préátaí dúinne. Cuireann sé aoileach ortha agus ní chuireann sé rud ar bith eile ortha acht sin. Cuireann sé na préátaí i ndrilleanna agus gnídheann sé iad-san leis an t-seisrigh. Sé an chéad rud a gnídheann sé na, "treabhann sé an talamh agus annsin forsuigheann sé é cupla uaire é. Annsin fosglann sé é agus spréidhean sé an aoileach ins na claisneacha agus annsin druideann sé iad. Cuirtear na préataí luatha i n-iomair agus gnídhtear iad san le spád agus sluasáid. Geibhtear na spádai san t-siopa.Deantar sgoilteacha le na gcur ann agus sé an dóigh a ndeantar iad na: gearrtar píosa as an preáta ina mbéadh súil amháin ar a laigheadh. Nuair a bhíonn na sgoilteacha déanta cupla lá déantar iad a dhiopáil agus nuair a thig na barrai aníos cuirtear lán ortha agus tamall ina dhiaidh sin glantar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall