Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)

Suíomh:
Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ua Gafacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhichíl
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luigh an droch shaoghal go trom ar an ceanntair seo. Fuair cuid mhór bás le ocras. Lá amháin tháinig fear isteach go teach Shéain Uí Congaile agus bhí ocras mhór air, thug bean Sheáin brachán dó agus d'ith sé é agus thug sí tuilleadh dó agus d'ith sé é agus nuair a bhí sé iththe aige fuair sé bás.
    Fuaireadh bean agus cailín beag i na luighe marbh shuas i n-áit dár ainm Gleann shuas i bPort an t-Salainn. Tá i bhfad níos mó daoine na comhnuidhe anois san áit seó na mar bhí san am sin.
    Tháinig an dubh ar ana preátaí agus an méid bhí fágta ní rabh ionnta ach sgéidiní. Ní rabh biadh ag na daoine acht ag ithe túrnípí agus lústarnacha a bhí ar na túrniípí.
    Bhí fear i na chomhnuidhe i mBaile-Úr agus cuidigh seisean leobhtha, Seán Ó Fhríghil a bhí ar an fear seo. Bhí seisean ag tabhairt mine daobhtha agus b'éigin sin bhéadh cuid mhór marbh ní rabh biadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Fhríghil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Congaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall