Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 301
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid mhór lucht siubhal ag dul thart anois. Nuair a gheibh siad lóistín i dteach ar bith bíonn aca le luighe ar an urlár agus codhluigheann cuid aca amuigh fósta. Bíonn cuid mhaith aca ag díol stáin agus cuid eile aca ag díol brat urlár agus sin an slighe beatha atá acu.
Fánann cuid aca cúpla oidhche san teach céadhna, ní h-iad na daoine céudhna a bhéad thart i gcomhnuidhe. Amanntai bíonn teaghlach aca agus bíonn asal agus trucall leo ionnus na mbéidh ag na páisti siubhal. Nuair a chruinnigheann siad airgead ar bith ólann said é annsin agus bíonn siad ag troid le chéile.
Ní chuireann na daoine fáilte ar bith rompa mar na bhfuil aithne ar bith aca ortha. Ins an oidhche bíonn na daoine aeo ag goid preataí agus rudai eile fósta. Bíonn cuid aca ag innseacht scéaltach agus bíonn cuid eile aca na mbíonn ag innseacht scéaltai ar bith.
Seo cuid de na h-ainmneacha atá ortha, "Padruigh Mac Ghionnaile, Séarlas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meabha Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall