Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aifreann a léigheadh ar árd 'san Bhaile Úr ar a dtugtar Ard na h-Altóra anois. D'fanadh na daoine ar a gcois rith na h-oidhce agus ar maidin ag breacadh an lae léigheadh an sagart an t-Aifreann agus bhíodh sé ag caitheamh éadaigh brotaigh cosamhail le gach duine eile san dóigh nach mbéádh fhios ag na saighdúiri é dá dtiocfaidh siad.An t-Aifreann deireannach a léigh sé ar Árd na h-Altora dubhairt sé go mbéadh an darna Aifreann ar an casan goirid go Cúl a' Droma, sin an áit a bhfuil an sgál ann anois agus léigh sé Aifreann rith fada annsin agus i bhfad ina dhiaidh sin cuireadh Seipeal Fánaidh Dubhfholtaigh ar an taoibh thíos de.ó Phroinnsias Mac an t-Saoir, Baile Úr
- Bailitheoir
- Seán Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall