Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 247
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chualaidh mise m'athair mhór ag innseacht damh gur i bhfad ó shoin é, chuaidh bád as baile Mhíchil amach a iasgaireacht sgadán go Béal Loch Súilighe agus sé cloigne fir inntí. Fuair sí lucht mór sgadán. D'éirigh an fhairrge agus thug an bád iarraidh an Phort Bheag i gcósta Arathíre a bhaint amach a dtugadh siad Tráigh Bhán air.
Le sgéal fada a dhéanamh goirid tá an Phort seo fíor contabhaireacht, éirigheann trí tonna i ndiaidh a chéile amuigh i mbéal an phuirt agus ritheann siad isteach go dtí fiche slat dó'n chladach. Annsin thug tonn eile ó na beanntracha ar an taoibh ó thuaidh agus seo an áit a bhfuil an chontabhairt ar bhád.
Ar chúis ar bith tháinig an bád seo isteach go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall