Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 034
- XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”
- XML “Na Fianna - Cloch Fhinn Mhic Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'innsigheadh dó ná Catoilicigh nuair a bhéadh ná saighdiuirí ag teacht ar a dtoír.
- Tá cloch thíos ar Tráigh Stocair agus bheirtear "Cloch Fhinn Mhic Cumhaill" uirthí. Deirtear gur chaith Fionn í ó Inis Eoghain thrasná ná Súilighe.
Tá cloch in Ara Aodhaire a bheirtear an "Cloch Mhór" uirthí. Deirtear gur chaith Fionn í fosta ó Inis Eoghain.
Deirtear go bhfuil fear de ná Fiannaibh curtha ar bhárr Chnoc Murrin. Tá scéal ag ná sean daoine go dtainic fear dé ná Fiannaibh ó'n saoghal eile agus nuair a chonnaice sé an méid abhí ins ná fir a bhí annseo thoisigh sé ag gaíridhe agus rinn sé oiread gháiridhe is go bhfuair sé bás. Cuireadh é ar bhárr an chnuic.
Tá áit ar an taoibh eile dé'n Mhaoil Ruaidh dar b'ainm Ros Goill. Deirtear gur ó Goll Mac Mórna fear de ná Fianaibh a fuair an aít a h-ainm.