Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)

Suíomh:
Creamhros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Colm Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach Ros
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. FIR LAIDRE
    Bhí fear i nGort ná Corr uair amhaín darb' ainm Eadhmon Ua Fhrighil agus thiocfadh leis dhá mheadhchain caoga a sé punnta an ceann a thógail i lámh amhaín.

    Bhí fear i Ros Circ da b'ainm Pádruig Ua Ceallachaín agus thiocfadh leis seisreach a thógail i lamh amhaín agus é caitheamh uaidh.

    Bhí fear i Murrim dar b'ainm Liam Ua Ceallacháin agus thiocfadh leis inneon a thógall le a fiacla. Pádruig Ua Gallacobhair as Gleann Fanada, thiocfadh leis mála fiche cloch meadhchain a chaiteamh suas ar thrucall.

    Aodh Mac Suibhne as Corraigh, d'iomchar sé mála fiche a seacht cloch meadhchain suas dreimire go dtí sciobol. D'iomchur sé pota ceithre galún deug as Doire go Port an t-Salainn.

    FIR MAITHE SIUBHAL
    Michéal Mac Giolla Cearr as Claggan thiochfadh leis siubhal go Leithir Ceanainn agus arais i lá amhaín, - fad fiche a ceathair míle ó seo.

    Enrí Art as Ceathramha Blaíth shiubhladh sé ó Gleann Eala go bárr Shliabh Mucaois an uile tá - fad ceathracha míle.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge