Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)

Suíomh:
Creamhros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Colm Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach Ros
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéalta Grinn”
  4. XML “Scéalta Grinn”
  5. XML “Scéalta Grinn”
  6. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ag cibéal preataí annseo am amháin agus bhí trí h-iomairí fágtha aige nach rabh scoilteáin aige dóbhtha. Dubhairt sé go bhfágfadh sé iad ag Dia. Bhí fear comhursain ag cúl-éisteacht igcúl an chlaidhe agus i nganfhios dó'n fhear chibeal sí ná trí h-iomaírí. Bhí dubh iongantais ar an fhear nuair a chonnaic sé na preataí ag teacht aníos. An bliadhain in a dhiaidh sin dubhairt sí go bhfágfadh sé iomlán ná páirce ag Dia. D'fhág acht ní thainic preataí ar bith anios agus fágadh é ar an ghann-chuid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí cailín as an áit seo ar aimsear i nDoire. Scríobh a h-athair chuicí acht ní thiocfadh léithe léígheamh. Thug sí an Leitir dó a maighistear le léigheamh agus seo an rud a bhí ann.

    A Nighean,
    Bhí droch-aisling agam aréir agus chonnaictheas damh go rabh tú i ndroch theach fa choinne biadh agus gur diabhal ceart abhí in do mhaighistear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
  3. 7) In am ná poilíní bhí fear as Fanad ag déanamh poitín. Bhí ná phoilíní i Ros ná Cille. Chuir sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.