Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- a) Nach mbeádh Fanad go deo gan trí Cloinn Uí Grant ann.
b) Go dtiocfadh an t-am nach mbéadh Bartún i bhFanád.
c) Nach mbeádh duine de Chloinn Uí Chonaglaigh nó de Chloinn Mhic Carrain in a shagart go deo.
d) Nach crochfidhe go deo duine as Fanad.
e) Nach bhfásfaidhe ná coiligh i dTulach Chonaill go deo
(Aít deich míle ó Port an t-Salainn iseadh Tulach Conaill)
f) Nach mbeirfidhe ar iasc go deo i gCinn a' Locha.
(Tá Cinn a' Locha ceithre mhíle ó'n scoil)
g) Go mbéadh Iomaire Cam i gcomhnuidhe le capall bán agus fear mire ann.
h) Nach bhfuigheadh bean óg bás a choidhche i gCeathramha Bhláith.
i) Go mbéadh troid ag ná Cataoilicigh igh eatorra feín.
J) Go mbéadh líne toighthe ó'n Chros Bhealach go dtí Port an t-Salainn.(Tá an chros bhealach cuíg ceud slat taobh thuas dé'n scoil agus Port an t-Salainn sé cheud slat taobh thios dé'n scoil)
k) Go gcumhdochadh an fhairrge Éire roimh deireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)