Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 022
- XML “Gnásanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)OIDHCHE FHÉILE EOINDóigheann siad teinte cnámh an oidhche sin. Togánn siad cipín dóighte as an teine agus caitheann siad é isteach i gcuibhreann choirce. Tá sé creidte acu go mbéidh bárr níos féarr acu in a dhiaidh sin a dheánamh.
OIDHCHE SHAMHNAGoideann ná buachaillí cáil agus fagánn siad iad ag doirse toighté ná gcomhursan.
OIDHCHE FHÉILE na MARBHSul a dtéigheann siad a luighe an oidhche sin fagánn bunadh an toighe an doras gan glas, teine mhaith síos, ná cathaoireacha thart ar an teinidh agus cruiscín uisce ar an tábla. Tá siad dé'n bharamhuil go dtagann ná daoine a fuair bás sá teach sin go dtagann siad arais an oidhche sin.
OIDHCHE NODLAGFagann bunadh an toighe coinneal lasta san fhuinneog an oidhche sin.
OIDHCHE DHEIREANNACH na BLIADHNATugann ná daoine isteach an fíor-uisce roimh luighe gréine.