Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 009
- XML “Longbhriseadh Eile i Loch Suilighe”
- XML “An 'Audacious'”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin dhíol siad í le daoine eile. Tá siad sin ag obair uirthí ó shoin. Anuraidh deirtear go bhfuair siad píosa amháin acht i mbliahdna (1937) ní bhfuair siad an dath. Deir siad go bhfuil sí cor a bheith uilig cumdaighthe. An áit a chuaidh sí síos tá sé fiche a dó feadha (132'). Tugadh aníos an clog a bhí uirthí agus tá sé ins an teampall gallda i bPort an t-Salainn. Bíonn sé le cluinstin an uile Domhnach.
- Ar an 27adh lá de Dheireadh Foghmhair cuir na Gearmanaig síos an " Audacious " . Long cogaidh abhí inntí agus i gcuidachta triur éile - H.M.S. Centurain, longanna cogaidh Ajax, King George V thainic sí amach as Loch Suilighi. Bhuail sí "mine" naoí mhile de'ng taobh ó thuaidh dó Thoraigh. Bhuail sí é ag 8.45 ar maidin. Ar 9 o'clog sa tráthnóna chuaidh sí síos. Sabhaileadh an fuireann uilig acht 250 fear. Bhí an "Liverpool" agus an liner "Olympic" ag seasamh le thaobh an Audacious". Tug an Olympic iarraidh í a tharraingt isteach go Loch Suilighe acht theip uirthí. Sul a dteachaidh sí síos phleasg sí suas agus mharbh an pléascadh fear ar an Liverpool.Ba é "Berlin" ainm an bhaid a chur síos ná "mines".