School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 008
- XML “Longbhriseadh Eile sa tSúilighe”
- XML “Longbhriseadh Eile i Loch Suilighe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí morán bagúin uirthí agus dhíol siad é leis na daoine.
Tá an comhartha tosaigh (figure head) a bhí uirthí ag duine as an áit go fóill. - Bliadhain i ndiaidh an Chogaidh Mhóir bhí long gaile ag dul ó Shasain go America le lód óir. An Laurentie" an t-ainm a bhí uirthí agus suas le seacht milliún punnta de ór leithe. Ag dul thart le Ceann Fhanada thainic long fó-thoinn do chuid na n-Gearmánach uirthí agus pholl an long fó-thuinn í. Bhí an áit fá thuairim dhá mhíle ó Cheann Fanada agus bathadh iad uilig. Phleasc sí suas san aer sul a dteachaidh sí síos agus bhí an pléascadh sin le cluinstin i bPort an t-Salainn seacht míle ar shiubhal.
Chuaidh an t-ór agus an fhuireann síos go tóin na fairrge. Tamaill ina dhiaidh sin tháinic seasca do na corpanna aníos go bárr an uisce. Chruinnigh na Sasanaigh iad agus thug aníos iad go Bun Crannuighe, Cuireadh an seasca acu in uaigh amháin i Fathan Mhura, trí mhíle ó Bhun Crannaighe. I ndiaidh an Chogaidh thainic bád do chuid an Rialtais agus thochail siad an chuid is mó dén ór. Chaith siad cupla bliadhain ag obair uirthi agus(continues on next page)