Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
  4. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ainm do Naomh De Bheadóg. Tá sé raidhte gur de thairbhe an naoimh sin a baisteadh Cluain De Bheadóg ar an pharóiste. Fuair daoine tobar nDumhaigh Mhóir tuairm's dhá fhichid bliadhan ó shoin. Bhí leac ar an tobar agus bhí ainm Naomh dé Bheadóg sgríobhtha ar an lic. Ní'l paidir ag na daoine a bhaineas leis an Naomh sin. Ní'l duine ar bith de ainm an Naoimh i bhFanaid. Ní'l Féile ar bith i bhFanaid do na naoimh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Naomh De Bheadóg an t-ainm atá ar Naomh patrún an cheanntair seo. Tá teampall amhain ins an áít seo a bhfuil an t-ainm air. Tá an teampall seo ag na Prodasdúnaigh anois. Bhí an teampall seo ag na Caitliocaigh i chéad uair. Bhí dealbh chinn an Naoimh ig columhán (an) gheafta an teampaill. Thug na Prodasdúnaigh iarraidh e a mhilleadh acht ní thiocfadh leo.
    Níor chuala mé aon scéal fá aon mhíorbhailte a rinne an Naomh seo.
    Níl fhíos ag na daoine car cuireadh an Naomh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall