Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 154
  3. XML “Éadaí”
  4. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá seacht dtáilliúirí ar eolas agam 'san áit seo. Obrigheann siad ins na toighthe atá aca féín. Ba ghnáthach leobhtha roimhe seo gabháíl thart ó theac go teach ag deánamh cultacha éadaigh.
    Ní choinnigheann na tailliúirí seo éadach sa teach. Ní dhíolann siad éadach ar bith ach oiread. Éadach siopa an t-éadach is coitcheannta a bhíonn ag na daoine. Ní chaitheann na daoine éadaigh fighthe anois.
    Seo cuid de na gléasannaí a bhíonn ag táilliúr: riaghal, siosúr, miosúr, mearacán, snathadh, iarann agus clár. Ar na bliadhanta deireannacha seo tá inneall aca. Ach roimhe seo ní rabh ceann ar bith aca.
    Ní dheantar léinteacha sna toighthe anois. Ba ghnáthach leis na mná líon leoite a sníomh. Ghnídhead siad snáth de agus chuireadh siad chuig an figheadóir é agus ghnídheadh seisean éadach de. Nuair a bhéadh sin deánta ghnídhead na tailliúirí leintreacha agus braithliní de.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlin Ní Siadhail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall
  2. Tá fá thuairim cúig tailliúirí thart fá'n áit. Oibrigheann siad sa bhaile anois acht fá thuairim dhá fichid bliadhain ó shoin ba ghnáthach leó dul ó theach go teach leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.