Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 125
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An luibh is mó a ghnídheas dochar dó'n talamh sé an Farabán. Tá luibheanna eile fóta mar Copagach, Cál Gort, agus lámha Fuara a ghnídheas dochar dó'n talamh. Ghnídhean an Cál Gort na bárraí a mhuchadh corr uair.Deirtear nach bhfásann an buachallán buidhe in áit ar bith ach i dtalamh maith.Tá luibh ar a dtabhartar Bachrán. Deir na daoine da n-ólfa an subh atá ins an Bhachrán go bhfuil sé maith fá choinne casachtaigh. Ba ghnáthach leis na daoine Coll Fáithche a bhruith agus an subh a ól mar léígheas dó'n Bhricíneach. Bá ghnáthach Gáirleóg a bhruith agus an subh a ól mar léigheas do chasachtach.Níor chuala mé aon scéal fá ca tuige a bhfuil a leithéid de cuma ar dhuileóga airithe. Ba ghnátach leis na daoine Coll Fáithche a thabhairt do na h-ainmhidhthe. Ghnídheann na daoine usáid as Machaire an Duilisg, Duilisg agus Slabhac mar bhiadh dobhtha féín.Bá ghnáthach leis na daoine éadach a dhathughadh le cáirt na gcarrarraigeacha agus le fraoch. Tá nimh ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall