Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 116

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 116
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Seanach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is é Seanach an t-ainm atá ar an bhaile seo. Níl ach dhá theach le tuighe ortha. Tá sglataíar na toighthe eile.
    Sé Clann 'Ác an t-Saoir an sloinneadh is coithcheannta ann. Tá aon pheinsiniúir déág ins an t-Seanach. Tá duine amháin díobhtha seo maith ag innse sgéaltaí Gaedhilge, is é sin.
    Tomas Mac an t-Saoir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Seanach, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall
  2. Tá dhá sean bhallóg ann. Bhí bean na comhnuidhe ins an t-Seanach agus cuireadh amach as an teach í. Ní rabh fhíos ag an tighearna ar seo. Cuireadh amach ar an teach sin in aice an t-siopa í. Tugadh an áit sin dó Eóin Shéimidh. Fuair an bhean seo bás agus chuir sí mallacht ar Theimití. Fuair a mhac bás.
    Nuair a bhíodh na gasraí tuairm a's ar ocht mbliadhna déag d'imtheóchadh siad ar shiubhal go Ameirioca . Rinneadh amhrán fá'n t-Seanach am amháin mar;
    Seanach dubh na gcloch géar
    Gan crann gan sméar
    Ní luaithe bainne miis nach géár.

    Níl coill fá seo. Ta loch eadar Seanach agus Baile-láir darbh ainm Loch Truisneachan. Tá loch eile eadar Seanach agus Baile-an Chnuic darbh ainm Loch Finn agus ceann eile darbh ainm Loch a t-Seanaigh.
    Máire Ní Bheaglaoich
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.