Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bhfad ó shoin ba iad na préataí an biadh a bhí ag na daoine. Ins an bliadhain 1845 tháinig meath mhór ar na préataí ar fud na tíre. Thart fá seo bhí na daoine níos measa mar ní rabh cuid mhór preataí curtha aca. Mheath an coirce mar na préataí. Ní rabh na daoine comh h-olc an chéad bhliadhain agus a bhí siad an dá bhliadhain a tháínig na dhiaidh. Ní rabh acht corr duine a rabh síol le cur aca an dara bliadhain. An síol a cuireadh an dara bhliadhain mhath sé sin fosta. Níor (?) rabh biadh ar bith ag na daoine. Thart fá seó bhí na daoine fior bhocht agus ní rabh mórán airgid aca le min ná rud ar bith eile a cheannacht. Ins an deireadh bhí na daoine i gcruadh chás. Bhí siad ag ithe turnapaí agus lusracha turnapaí. Bhí siad ag cruinnuighadh lusracha eile fosta agus a mbruith agus a n-ithe. Ní rabh moran maith ins an bhiadh seo do na daoine agus bhí siad ag fágháil bhais. Níos mó na sin tháínig aicideacha a theacht ar na daoine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Siadhail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall