Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 096
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leobhtha go teach éighinteacht eile.
- Ins an t-sean ám ba ghnathach le cuid mhór lucht siubhail a bheith ag dul thart fá seo, acht níl oiread ag dul thart anois. Bhí cuid mhór daoine nach raibh a gciall aca ag dul thart fosta mar ní rabh Teach Gealt ar bith ann dóbhtha. Ta Teach Gealt ann anois fá na gcoinne seo.
Seo na h-ainmneacha a bhí ar chuid de na daoine a bhi ag dul thart - Den na Ríbín, Máire na Sguab, Mairghead A'Bhata, Tam na Spág, Seamus Mac-a-Feason, Pat Inbhear, Pat Harvey, Máire Goosie, Betty Brocach, Domhnaill Mháire Dumhaigh, Paddie na gCat, Máire Ní Challáin agus mac Seámus Mac Aodha.
Bhí Den na Ríbín mar ainm ar fear a bhi ag dul thart ó theach go teach agus chuireadh achan duine ríbín air. Bhiodh sé i gcomhnaidhe ag rith agus bhéadh na ribíní ag seideadh leis an ghaoith. Sin an tuige a tugadh Den na Ribin mar ainm air.
Ba ghnáthach le Máire na Sguab dul go dtí an cnoc agus cuid mhór fraoich a tharraingt agus cuid mhór sguab a dhéanamh de. Annsin rachadh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall