Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Laetha Áirithe”
  4. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chóir cáil a chur roimhe Lá Fhéile Padraig. Deirtear go bhfuil na daoine abálta leigheasanna fá leith a thriaileadh níos féarr Dia hAoine nó lá ar bith eile de'n tseachtmhain agus go bhfuil Lá Fhéile Pádraig ádhamhail fósta fá choinne leigheasanna a thriaileadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tuairim's deich bliadhna a's fiche ó shoin bhí cuid mhór daoine bochta ag dul fríd na bailte ag cruinnuighadh a gcuid. Bhí fear darbh ainm Eoghan Mac Fhionnlaigh ag dul thart roimhe seo agus sé an céird a bhí aige ag déanamh cannaí agus sgálaí iarainn. An teach a bhíodh se ar lóistín ann chruinniughadh na daoine go h-uile aige indiaidh na h-oidhche a dh'éisteacht leis ag innse sgéalta ghrinn. Bhí fear eile ag dul thart darbh ainm Brian Mac Daide agus bhí se i n-a chúpaire ag déanamh cuinneóg agus tubán. Bhi fear darbh ainm Tomás h-Énrí agus a bhean ag dul thart ag cruinniughadh a gcuid fríd na bailte agus annsin chaitheadh siad seachtmhain shuas ins an Bhuireann i dteach m'athar'mhóir. Annsin imthigheadh siad i gcionn seachtmhaine agus siubhaileadh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall