Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Coiníní. Tá na coiníní fáirsing ins an áít seo anois ach ní'l siad comh fáirsing agus a bhéás siad ins an tsamhradh mar marbhuightear cuid mhór acu ins an Gheimhreadh agus sin an fáth nach bhfuil siad comh fáírsing anois. I bpuill a chomhnuidheann na coiníní agus ghnidheann siad fhéin na puill sin. Ins an ghainimh is mó gnídheann na coiníní puill mar ta an talamh bog. Bíonn dáth liath ar an chuid is mó de na coiníní ach bíonn dáth bán ar cuid acu agus dáth dubh ar cuid eile acu.
    Broc. Ní'l na bruic fáirsing ins an áít seo mar ní'l coillte ar bith ann. Ní'l na bruic ró mhór ach itheann siad cearca cosamhail leis an mhadadh ruadh. Tá dath liath ar an chuid is mó acu.
    Easóg. Tá na h-easógaí fáirsing thart fá seo mar comhnuidheann siad ins na san bhallógaí agus tá go leór sean bhallógaí thart fá seo. Itheann siad éanacha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mách Reannacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall