School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 081

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 081
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am fadó bhí an madadh ruadh, an broc agus an dobhar-chú le fághail go fairsing ach ní mar sin ata sé anois cé go bhfuil na h-ainmhidhthe seo le feicéail go fóill. Ins an cheanntar seo le tamall goirid tá an madadh ruadh go h-aithrid ag éirigh fairsing arais agus tá cuid de na daoine ag deanamh amach go bhfuil nead aca shuas i gCnoc na Bruidhne. Tá cuid dé na daoine ag fagháíl a gcuid cearc agus iad marbh agus is léir ó na rudaí uathbhasacha seo go bhfuil na madaidh ruadha ar obair. Dubhairt bean amháin go gcualaidh sí sgréaduigh agus gleo millteanach go mall ins an oidhche tá tamalló shoin. D'éirigh sí amach agus thug leithi solus agus ag gabháil thart taobh an toighe dí chonnaic sí a cuid cearc ag rith agus iad ag sgréadaigh agus an doras a bhí ar chró na gcearc bhí sé foscailte. D'amharc sí ins an chró ach ní fhaca sí rud ar bith d'feadfadh eagla a chur ar na chearca ach ar maidín lá ar na bharach chonnaic sí cearc marbh faoi chrann agus í strocuighthe in a clibíníbh. Is dóiche ó'n sgéal gur madadh ruadh a rinne an obair uathbhasach seo mar bhí madadh ruadh le feiceáil ag cuid de na daoine cupla lá in a dhiaidh sin.
    Anuraidh bhí nead ag broc ar chúl Cheann-a-Locha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Baoighill
    Gender
    Female
    Address
    Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall