Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 075
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Críonnacht an Mhadaidh RuaidhDubhairt m'athair mhór go bhfacaidh sé madadh-ruadh ag gabhail síós go dtí an loch lá amháín le é fhéin a nighe. Bhí giota de fhéar thirm leis in a bheál. Chuaidh sé mach ins an loch agus thoisigh a shnámh thart ins an loch go cionn tamall fada agus choinnigh sé an giota d'fhéár tirm go deireadh agus annsin leig sé amach é. Bhí dearnadaí ann agus chruinnigh siad uilig go dtí an giota d'fhéár thirm agus nuair a leig sisean amach é d'imthigh siad uilig.
- Is iad seo na h-ainmhidhthe állta is mó sa cheanntar seo - coiníní, gearrfhiadha,, madaidh ruadha, bruic, easóga, madaidh uisge agus grainneóga féir. Tá na coiníní agus na gearrfhiadha fairsing sa cheanntair seo. Tá gearrfhiadha ins na cnuic agus coiníní ins an dumhaigh agus ins na cuibhrinn. Bíonn madaidh ruadha agus bruic ins na cnuic. Itheann na madaidh ruadha cearca. Goideann siad iad thart fá'n Nodlaig. Ghnidheann sé poll faoi charraig agus is annsin a chomhnuidheann sé. Tá an broc(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Beaglaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall