Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 066
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fath atá Lag an Tobar air.Poll an Mhadaidh Uisge - Bhí cuid mhór madaid ann roimhe seo agus bhíodh madaidh uisge annseo ins an pholl.Tháinig fear mór láidir isteach i mbád go h-Arathiara. Shiubhail sé leis agus casadh albanach air ag Scoilt an Albanaigh agus mharbhuigh sé é. Casadh madadh air ar Cnoc an Mhadaidh agus bhain sé ceann de. Chuaidh sé go Tuaim agus casadh Óglach air ag Binn an Óglaigh agus mharbhuigh sé é. Chuaidh sé go Cruachán annsin agus phill sé anuas go Ceann Droma. Casadh fear de chlann Amhlann air a bhealach do agus mharbhuigh sé é. Chaith sé isteach i sruthán é agus bheirtear Sruthán an Amhlann air go dtí an lá indú.
- Seo iad na h-ainmneacha atá ar áiteacha ar fheirm m'athara:-Casán na gCaoracha:-Bheirtear an t-ainm sin air ó tharla gurbh 'e sin an casán a ba ghnáthach leis na daoine a ghabháil nuair a bhí siad ag cur caorach go h-aithrid agus eallach go dtí an cnoc. Rachad siad an bealach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall