Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ait Uí Cheallachain. Teach Mhic Giolla Bhuidhe.
    Sin áit amuigh ar chúl Cnoc na bhFeadóg. Bhí teach ann agus bhí daoine na gcomhnaidhe ann d'arbh ainm Mac Ghiolla Bhuidhe. Tugtar teach Mhic Ghiolla Bhuidhe ar an áit sin ó shoin.

    Ard Reamhar
    Ceasaidh Cloch
    Scraith Chonnachain
    Boitheach beag (?)
    Poll a Clumhaigh (?)
    Paiste Bán

    Teach a tSeoltora (?)
    Bhí bád óriste (?) amach ar aghaidh na Trágha, Báine tamall maith ó shoin. Baitheadh na daoine a bhí uirth uilig acht duine amháin. Tháinig an duine amháin sin suas go dtí an Duirthinn agus thóg muinntear na Duirthinn teach do suas ar Chnoc na Duirthinne. D'fhan sé ann go dtí go bhfuair sé bás. Tá ballaí an toighe le feiceáil ann go fóíll. Tá an t-ainm Teach an t-Seoltóra ar an áit ó'n lá sin go dtí an lá indiu.

    Dearn Dearg
    Fál Dubh
    Ard Tómais
    Molagam Searg
    Cuibhreann Páidraig Fhada
    Lag a Ghiarrfhiadh
    Port a' Racáín
    Ard na Craos Éan

    Carraig na h-Altóra
    Tá an charraig sin amuigh ar Chúl Cnoc na Dhiurthinn. Léigheadh aifreann ar an charraig sin ám amháín agus is é sin an tuighe a dtugtar Carraig na h-Altóra ar an áít sin.

    Poll a Gheimil
    Bhí troid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Cheallachain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall