Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 043
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nar chóir do dhuine posadh Dia Sathairn. Níor chóir do'n fhear an fáinne a taisbeant do mhnaoi go dtí lá na bainse.
- Fá thuairm dhá fhichid bliadhain ó shoin bhéadh póstacha móra ann. Oidhche na beirt sul a bpósfaidhe lanamhain rachadh an fear a bhéadh le pósadh a h-iarraidhe na mná. Bhéadh beirt fhear eile leis. Rachadh an bheirt seo isteach agus d'fhanadh an fear eile amuigh. Da bhfuigheadh an bheirt seo uchta'c (?) go rabh an bhean le fágháil rachadh an fear a bhí amuigh isteach agus bhéadh buideal uisge bheatha leis. Olfaidhe an buideál annsin.Ní ar maidín a phosfaidhe lanamhain san t-sean am acht indiaidh na h-oidhche. Iarrfaidhe ar chuid mhór daoine theacht chun na bainse. Nuair a bhéadh an lanamhain ag teacht na bhaile indiaidh a bpósadh ní bhéadh daid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall