Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 035
- XML “Báthadh”
- XML “Dóigheadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gasúr eile nach dtabhairfeadh sé eisean isteach ar chor ar bith. Annsin léim sé ar dhruim an fhir eile fosta agus chuaidh siad síos agus báitheadh an triúr acu. Fuair na fir a bhí ag amharc ortha bád agus chuaidh siad amach fhad leo ach bhí siad báidhte sul a bhfuair siad amach.
- Bhí sean-duine i na chomhnaidhe i gCorraigh am amháin. Ní rabh duine ar bith na chomhnaidhe ins an teach leis ach é fhéin. Bhí cuid mhór lín astoigh san teach aige. Bhí muc aige agus bhí an mhuc astoigh san teach aige fosta. Oidhche amháin nuair a bhí an sean-duine in a luighe sgríob an mhuc cuid dé'n líon isteach san teinidh ag chuaidh sé ar theinidh. Annsin chuaid an líon uilig ar theinidh agus dóigheadh an teach agus an sgiobal a bhí tógtha le taobh an toighe. Fuaras an sean-duine ar maidin agus é marbh agus é uilig dóighte ar chúl an dorais. Deirtear gur tharla seo fá thuairim trí fichid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhubhgaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall