Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Áit a Raibh ar Thinidh”
  4. XML “Áit a Raibh ar Thinidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean aimsir nuair nach raibh solas ar bith aca bhíodh cipíní aca agus chongbhóchadh siad lasta iad. Bhí fear ar an tSeanach uair amháin agus bhí sé ag obair le préataí ins an sgiobol oidhche amháin agus bhí a bhean ag congbhail na gcipíní lasta dó. Bhí aibhleóg aici ar eagla go dtéigheadh an cipín as. Chaith sí an aibhleóg ins an choirneál nuair a bhí sí réídh leis agus níor smaointigh sí an aibhleóg a chur as. Bhí cochan 'n luigh i naice leis an aibhleóig agus ní raibh i bhfad go raibh an cochan ar theinidh. Nuair a bhí siad ag gabhail a luighe chuaidh an fear go dtí an doras le na dhruid agus chonnaic sé an teinid. Thoisigh sé ag sgoirtigh (?) fá choinne cuididh agus thoisigh na daoine ag iomchar tuige acht dóigheadh ceann an toighe uilig acht ba chuma leó nuair nar dóigheadh an teach 'n a raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall