Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 030
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Dóghadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fá thuairim céad bliadhain ó shoin bhí bád mór ag teacht ó'n Spáinn go h-éirinn. 'An Saldana' a bhí mar ainm uirthí. Bhí sí ag tarraingt ar chéidh Phort a' t-Salainn. Ag béal Loch Súilighe tá carraig mhór ar a dtugtar an Stuca Mór. Bhuail an bád an charraig agus chuaidh sí go tóin na fairrge. Níor tháinig sabhailte ó'n bhád acht fear amháin agus shnámh sé go talamh. Nuair a tháinig sé isteach fuair na daoine greim air agus cheangail siad do dhruim chapaill é agus d'imthigh an capall ar mire agus marbhadh an fear.
- Tamall fada ó shoin dóigheadh cuid mhór toighte. Dóigheadh teach caorach Mhaghnuis Dhuibh. Bhí dhá chaorach dhéag sa teach agus dóigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall