Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin tamall maith ó shoin bhí bád ag teacht as Albain le malach guail. Nuair a bhí sí ag teacht aníos Loch Súilighe d'éirigh an fhairrge agus bhí an ceo comh tuigh sin nach rabh an captaon ábalta na carraigeacha a fheiceáil agus briseadh an bád ar charraig. Tháinig sí isteach in áit a bheireann siad Stocor air. Níor báitheadh duine ar bith. Ach ní rabh maith ar bith aca an gual a thabhairt leobhtha mar ní leigeadh na daoine dobhtha é a thabhairt leobhtha. Achan lá ina dhiaidh sin nuair a bhíodh an taoide ar shiubhal amach bheireadh na daoine leobhtha an gual.
    Dóigheadh teach i mBaile an Chnuic tuairm's trí scór bliadhain ó shoin. Chuir an tighearna a bhí san áit seo an t-athair agus mac amach as an teach mar ní rabh siad ábalta an cíos a dhíol. Nuair a dhíol siad an cíos chuir an tighearna an mac arais ins an talamh. Oidhche sul a deachaidh sé arais ins an teach dóigheadh an teach agus an sgiobal. Bhí caoirigh astoigh i gcró na gcaorach agus dóigheadh iadsan fosta. Chóirigh an tighearna an teach arais.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Colla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Pollaid, Co. Dhún na nGall