Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Longbhriseadh”
  4. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thainig an (Saldannagh) agus trí chéad dé dhaoine isteach go Loch Súilighe. Bhí an caiftín agus a bhean ann fosta. Long chogaidh a bhí ann, bhuail an long ar Charraig a' t-Súilighe agus chuaidh sé isteach idir dhá spíc a bhí ins an charraig. Bhí muinntir na Duimhche Bige amuigh agus shnámh duine amháin as an trí chéad duine isteach. Bhí sé ag siubhal fá'n tráigh agus d'éirigh sé tuirseach agus d'fhág na daoine a bhí amuigh ar an tráigh faoi churrach é. Fuair sé bás faoi'n chrrach. Níor chaith na daoine i bhfad annsin acht d'imthigh siad ar shiubhal ag piocadh suas an ghuail a bhí ag teacht isteach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bád ar b'ainm an "Limerick" ag teacht as Albain am amháin. Bhí lasta cathaoireacha bhothar-iarainn uirthí. Bhí sí ag gabháil suas taobh dheas d'Éirinn leobhtha. Nuair a bhí sí ag teacht thart ar chúil "Bolamhóg" bhris poll uirthi. Thoisigh na fir ag dóirteadh an uisge amach aisti. Ach bhí an t-uisge ag fághail lámh an uahtair ortha. Bhí sé ag teacht isteach ortha de réir mar bhí siadsan a chur amach. B'éigin dobhtha í a rachtáil isteach 'un talaimh ach caidé gur tharla isteach iad i mbáigh bheag a dtugtar Carraic a' Bhradáin uirthí. Níor bhuail sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Shiadhail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall