Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 017
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear i bhFanaid ám amháín darbh ainm Domhnall Mac Lochlainn agus bhí sé fíor-mhaith ag baint coirce. Bhainféádh sé fá thuairim leath acra gach lá le corrán.Bhí fear in a chomhnaidhe ar an Bhaile-Láir uair amháín a dtugtar maighistear Ó Dorraighin air. Bhíodh sé ag teagasc ann rith an gheimhridh agus dhroideadh sé an sgoil ins an tSamhradh nuair a bhéadh na sgoláirí uilig ar fastód. D'fhágfadh sé an teach fá thuairim an dó ó' chlog agus rachadh sé go Leitir Ceanainn agus bhéadh sé sa bhaile roimhe luighe gréine. Tomás Mac an tSaoir, Seanach
- Nuair a bhí an beiric ins an Dumhaigh Bhig bhí gárda ann a bhí fíor mháith ag caitheadh na meadhchana lá amháin chruinnogh na daoine a b'fhéarr san áir go bhfeicfeadh siad cé a b'fhéarr ag an chaitheamh. Bhain an gárda mar b'eisean a b'fhéarr. Nuair a bhain sé dubhairt se nach rabh an duine eile i bhFánaid comh máith leis fhéin. Annsin chuir muinntear na h-áite Pádraig Dhómhnaill Stíopháin anall go Ceann a' locha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Beaglaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall