Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maidin sin comhartha fearthainne. Bíonn aimsear thirim le theacht nuair a bhíonn callán mór ag na lachain ins an tráthnóna. Nuair a fhágann an corr-ghréine an fhairrge agus nuair a théigheann sí 'un an phortaigh sin comhartha droich aimsire.
Nuair a bhíonn callán ins an t-simléir sin comhartha go bhfuil droch aimsear ag teacht. Deirtear go bhfuil droch aimsear ag teacht nuair a bhíonn lasóg ghorm ins an teinidh. - Bhí beirt fhear ins an chomharsanacht seo fá thuairim dhá fhichid bliadhain ó shoin. Bhí ach an duine aca a rádh gurb é fhéin a ba láidre. Bhí siad araon ag dul síos cnoc Chúl a Doire lá amháin agus casadh dhá asal dobhtha. Dubhairt duine aca go dtógfaidh sé an t-asal aníos de'n talamh. Chuir an fear a dhá láimh thart fá'n asal agus thóg sé suas faoi na ascaill é. Fuair an fear eile greim ar an asal annsin agus chuir sé suas ar a ghualainn é agus d'iomchair sé leis é. Sé sin an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall