Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear nuair a bhíonn realtógaí ag damhsa ins an spéir go bhfuil sé fá choinne siocán.
    Nuair a bhíonn na néalltaí ag reachtáil go tapaidh ins an spéir deirfear go bhfuil sé fá choinne stoirme. Nuair a bhíonn tuar ceatha ins an spéir tá sé fá choinne fearthainne. Nuair atá fáinne thart fá'n ghealaigh tá sé fá choinne fearthainne. Má bhíonn na madaidh thart fá'n teinidh deirtear go bhfuil sé fá choinne aimsire fuaire. Nuair a bhíonn na coirr gréine thart fá'n loch tá sé fá choinne fearthainne agus nuair atá siad thart fá'n fhairrge tá sé fá choinne aimsire maithe. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir tá sé fá choinne droch aimsire. Bíonn sé fá choinne stoirme nuair a bhíonn lasóg gorm ins an teinidh agus tá sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn an súithche ag tuitim. Bíonn sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn na fainleógaí thart fá na beanna. Nuair a bhíonn ceo ag éirghe as Carraig uir bíonn sé fá choinne droch aimsire. Nuair a bhíonn an ceó ag gabhail suas Loch Suilighe tá sé fá choinne aimsire maithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall