Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rith mé agus fuair mé é. Shuidh mé agus chuartuigh mé é. Dá bhfuighfinn é chaithfinn ar shiubhal é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom é?
    Dealg indo cois. Tá sean bhean sa chlúdaigh agus dhá chéad súl inntí.

    Tchím é agus ní fheicim é, tchím ar bhárr na h-attinne é. Foluigheann sé sa drúcht agus ní imthigheann sé gan chuideachta?
    Torramh

    Ceathrar na rith agus ceathrar ar crith beirt ag déanamh an eoláis agus roibín ar an deireadh?

    Bíonn siad a sgríobadaigh féín sa lá agus a nochras féín san oidhche?
    Péire cárdaí ola

    Dhá réag déag sa leabaidh agus gan aon cheann aca ar a cholbha?
    Roth

    Tá bairrille beag amuigh annsin agus é lán fheoil duine?
    Mearacán

    Tchím chugham fríd an mhóin Andai Mór as é gan ceann beagan óir ar bharr a bhoise cúl a coise fríd a ceann?
    Tuagh

    Gearrán beag cosantach bosantach donn siubhalann sé Éire agus cha fhliuchann sé bonn?
    An ghrian
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Shiadhail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall