Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An tráthnóna tháinig na tinnceirí thart agus asal eile leo agus cheannaigh sé í ar dhá phúnta agus nuair a tháinig sé na bhaile bhí lúchair ar a bhean nuair a chonnaic sí an t-asal beag a bhí leis. Nuair a leig sé í amach ar maidin chuaigh sí go dtí an chruach agus thóisigh ag ithe an fhéir. Chuaidh an fear amach aríst agus bhí an t-asal ag an chruach. bhí fhíos aige annsin go deárn na tinncéirí cleas air. B'í an t-asal céadhna a bhí leis aríst.
    Séan Mac Reannacháin
    Baile Láir 13-12-1937
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear 'na chomhnuidhe thíar i dTóin Báin darbh ain, Micí Pháidí. Bhí na preataí an olc ag na daoine i mbliadhain na scridín. Bá mháith le Micí rádh go rabh a chuid fhéin fíor mhaith. Dubhairt se gur chaill se muc agus gur chuartuigh se í acht nach dtiocfadh leis í a fhágháil. Lá amháin nuair a bhí sé ag gabhail trasna pháirc na bpreataí chuaidh a chos síos i bpoll. Bhí an poll deánta astoigh ins an phreata ag an mhuic agus dhá phigín déag astoigh ins an pholl.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Beaglaoich
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall