Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 419
- XML “Scéilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear aosta agus a bhean a bhí na gcomhnuidhe i lár na sléibhtí. Bhí na creatúir bocht; ní rabh de stór aca ag garradh cúil.Fuair a fear obair ag búisteóir. D'iarr sé páighe ag teacht na h-oidhche. Thug an buisteor feoil do, agus d'innis sé dho, san am cheadna, gurbh dheas a rachadh feoil agus cál le cheile.Phill mo dhuine na bhaile agus d'innis do na mnaoi goidé dubhairt an buisteór leis.Ghearr an bhean an fheoil ina ghiotaí beaga agus chuir giota le gach stoc cáil.Chruinnigh madaidh an bhaile ar an fheoil. Thoisigh troid 'sa tafaint. Amach leis an pheire. Lean na madaidh isteach i gcoillidh. Chaill siad iad.Nuair a bhí an fear ag fágail an toighe, d'iarr sé ar a bhean an doras a tharraingt amach na diaidh.Fhobair do gáire a dheanamh nuair a d'amharc sé thart uirthi-se, ag iarraidh (?) bheith ag rith, agus an doras ar a druim leithe.Bhí sé ro dhorcha le pilleadh. Bhí eagla ortha fanacht ar an talamhm. Shocruigh siad an doras a chur 'un áirde ar chrann. Chuaidh siad fein suas agus shuidh siad ar mhullach an dorais.Cha rabh i bhfad gur chualaidh siad an caint a bun an chrainn. Le sin anuas leis an doras gur shroic sé an talamh agus an peire(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aodh O Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. Dhún na nGall