Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tearmonn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

(11) Dá gcásfaidh poll ........ort, i gcloich, agus gan thú a bheith a chuartadh leigheasfaidh sé faithne.
Leigheas eile sileoide dhubh a chumail air.
Aodh Mac Pháidin
Srath Grádaigh
Tearmonn Teisbhearrs

Bealtai Móra
An bealach mór atá ar raothail amach as loch-as-Allt, isé an bealach mór is ársa anseo. Badh é Tighearna Talúin, An sTiubhairteach, a bhí ina comhnuidhe ar na hArdaí, san áit a bhfuil na Aithreacha Naomtha de Órd Naomh Proinnsias anois, a rinne é. Ní féidir a insint le deimhneacht caidé an dáta a dteannadh é.
(11) Tá bealach mór amháin idir Gallógach agus Mín-a-Labáin agus isé bealach mór an Bhroc ain a dheirtear air. Tugadh Briochain do na daoine a rinne é. Badh sin a bpáighe agus a naimsir.